Seirbhís aistriúcháin ar éileamh

.

Léigh seo as:
bg - cs - da  - el - et - fi - ga - hu - lt - lv - mt - nl - pt - ro - sk - sl - sv

Ar tháinig tú ar acmhainn foghlama suimiúil i measc áiseanna teagaisc Scientix? Mura bhfuil sí le fáil sa teanga is fearr leat, thig leat aistriúchán a iarraidh trí mheán na seirbhíse ‘aistriúchán ar éileamh’. Tá an tseirbhís seo saor in aisce agus tá sí ar fáil trí shuíomh gréasáin Scientix amháin.

Conas a oibríonn sí?
Más áis teagaisc inainmnithe don tseirbhís atá i gceist, nochtfaidh líne “Request translation” ag bun an leathanaigh a bhfuil an áis teagaisc féin air. (Cé acu le fáil nó ó fháil í áis teagaisc ó thaobh aistriúcháin de, braitheann sé ar choinníollacha an chóipchirt a ndáiltear an áis dá réir. Le bheith inainmnithe don tseirbhís aistriúchán ar éileamh, ba chóir go gceadódh an ceadúnas mionathruithe agus saothair dhíorthaithe. Tá tuilleadh eolais le fáil ag: http://creativecommons.org/licenses)

Chun aistriúchán a iarraidh, roghnaíonn úsáideoir an teanga a bhfuil sé ag iarraidh an t-ábhar sin a aistriú chuici trí mheán gliog a dhéanamh ar an chód teanga faoi bhun an líne “Request translation” ar leathanach chur síos an ábhair.

request translation

Má d’iarr úsáideoirí eile an t-ábhar céanna a aistriú chun na teanga céanna cheana féin, taispeánfaidh fuinneog aníos é.


Mura bhfuil iarraidh ar an ábhar sin sa teanga sin go fóill, dearbhófar an iarraidh le teachtaireacht as féin.

request confirmation

Nuair a bheidh trí iarraidh ar áis teagaisc a aistriú go teanga áirithe, deimhneoidh foireann Scientix na hiarrataí, agus má ghlacann siad leo, aistreofar an áis teagaisc sin. Má ghlacfar le hacmhainn, foilseofar í ar thairseach Scientix i gceann seachtaine nó i gceann dhá mhí, de réir fhad na hacmhainne. Cuirfear in iúl do na hiarrthóirí le r-phost nuair a fhoilseofar na hacmhainní aistrithe.

Teangacha
Tá na hacmhainní inaistrithe chun na 23 teanga oifigiúla de chuid an Aontais Eorpaigh

Béarla en
Bulgáiris bg
Seicis cs
Danmhairgis da
Gearmáinis de
Gréigis el

Spáinnis es
Eastóinis et
Fionlainnis fi
Fraincis fr
Gaeilge ga
Ungáiris hu

Iodáilis it
Liotuáinis lt
Laitvis lv
Máltais mt
Ollainnis nl
Polainnis pl

Portaingéilis pt
Rómáinis ro
Slóvaicis sk
Slóivéinis sl
Sualainnis sv

Crítéir
Ní phróiseálfar ach na hiarrataí siúd a chomhlíonann na crítéir seo a leanas:
•    Caithfidh an t-úsáideoir a iarrann an t-aistriúchán a bheith cláraithe ar shuíomh ghréasáin Scientix.
•    Caithfidh an t-úsáideoir a iarrann an t-aistriúchán a bheith ina mhúinteoir nó caithfidh gan an t-ábhar a úsáid ach ar son an oideachais.
•    Tá scata úsáideoirí éagsúla ag iarraidh an aistriúcháin chéanna.

Tugtar tosaíocht do
•    ábhair nár aistríodh go fóill, seachas ábhair a bhfuil acmhainní a bhaineann leo le fáil i dteangacha éagsúla cheana féin;
•    teangacha ar teirce na hacmhainní atá le fáil iontu seachas teangacha a bhfuil níos mó acmhainní le fáil iontu;
•    ábhair ar chuir coiste múinteoirí Scientix comhartha na Cáilíochta orthu.

Cén mhoill atá ort más ea?



Upload resources

 

Status of the requests

How can you allow translations of your own resources?

Guide for owners of resources

Please note that to enable Translation on Demand of resources, only editable files can be uploaded of maximum 20 Megabytes (Mb) in volume. Please contact us if you have problems uploading editable files at scientix (at) eun.org

 

View this page in your language

bgcsda

etelfi

gahult

lvmtpt

skslsv